festungshof

30ú Iúil 2005

6.30 t.i.

Doras foscáilte: 5 t.i.

I ndiaidh feabhas mór na bliana seo caite tá SUMMER TRAD aríst ann! San áit chéanna – go díreach ag domhanleithead 50° ó thuaidh – casann ceol Éireannach le chéile le teocht ard an tsamhraidh. Tá ticéid ar fáil ar an suíomh idirlín seo. Is é SUMMER TRAD an fheis cheoil amháin ar fud na Gearmáine atá eagraithe ag ceoltóirí traidisiúnta na tíre.


I ndún Rüsselsheim (600 bliana d'aois) atá SUMMER TRAD ar siúl ann (seoladh:
"Hauptmann-Scheuermann-Weg"). Ag teacht ón mhótarbhealach A3, ghlac bealach amach "Raunheim", ón mhótarbhleach A 67 bealach amach "Rüsselsheim Ost" is ón mhótarbhealach A60 bealach amach "Königstädten / Nauheim". Teigh i dtreo "Innenstadt" (lár na cathrach) agus lean comharthaí mar "Museum" nó "Opel-
Villen".

SÉAMUS Ó BEAGLAOICH agus JIM MURRAY siad príomhghrúpa na feise i mbliana agus níor sheinn siad sa Ghearmáin roimh é sin! As Cuas i gCorca Dhuibne do Shéamus, bocsadóir is amhránaí den scoith, agus as Cluain Droichid in aice le Maigh Chromtha i gContae Chorcaí do Jim atá i mbun tionlacán a dhéanamh ar an ghiotár. Díséad sár-cheoltóirí atá iontú agus seo deis go cinnte nár mhór a thapú! Bígi ann!
Albam reatha: "Ragairne"


MIDNIGHT COURT is iad Aaron Shirlow (guth, giotár) as Béal Feirste, Noel Minogue (bocsa ceoil), as Tiobraid Árann agus Bernd Lüdtke (fidil, bosúcaí, bodhrán, guth) as Beirlín. Le 10 mbliain anuas is iad ceann de na grúpaí is mó a thaitníonn le lucht éisteachta ag feiseanna ceoil sa Ghearmáin agus i dtíortha eile. Fuair siad cuireadh ón amharclann Wiesbaden chun ceol a chumadh fá choinne seó bailé darbh ainm "Irish Soul" agus é cuirtear ar an stáitse níos mó ná 30 uaire sa bhliain 2001.
Albam reatha: "Ring the bell, run like hell"


STEAMPACKET is iad Stephan Schneider (fidil), Tina Fastje (fidil), Claus Steinort (fliúit), Rolf Wagels (bodhrán) agus Tobias Kurig (bosúcaí). Is féidir a rá gur bhuail sár-cheoltóirí na Gearmáine le chéile chun grúpá shainiúil a bhúnú, b'fhéidir an ghrúpa thraidisiúnta is fearr dá gcluineann tú riamh áit ar bith sa Ghearmáin.
Albam reatha: "Homecoming" 2004"

Ag deire na feise tiocfaidh achan cheoltóir na feise ar ais ar an stáitse chun seisiún a sheinm...

================================

eagraitheoir:
Dorflinde, Rüsselsheimer Folk- und Jazzclub e.V.
comhairle:
Dr. Sigrid Gürgens
Werner Kramer
Dr. Horst Gutzler

Seoladh poist:
Niddastraße 63
65428 Rüsselsheim
An Ghearmáin
Seoladh ríomhphoist:
summertrad@dorflinde.de
================================
stiúrthóireacht ealaíon:
Marcus Metz, Gudrun Walther, Claus Steinort
================================
réadú summer-trad.com:
Eva Giovannini, Claus Steinort

Dorflinde Stadt Rüsselsheim